First Irish Language Event in Jazz Festival

First Ever Irish Language Event for Jazz Festival

For the first time in its 31 year history the Cork Jazz Festival will host an Irish language event as part of its festival programme.

The monthly club at The Roundy will treat those interested in improving their Irish to a night of funk, jazz and soul with Crossbones, a scintillating quintet of young professional jazz musicians from Cork.

Well known to Irish language enthusiasts in the city, Club Daon-Phoblacht (Club People's Republic) kick starts the bank holiday weekend festivities on Thursday evening heartily welcoming anyone with an interest in the Irish language regardless of whether they are fluent or just looking to try out the cúpla focal.

Crossbones is made up of two sets of siblings accompanied by piano maestro Phillip Collins, currently lecturing music at WIT. The backbone of the group is drummer Steve Kelly and Deirdre Frost on bass with their respective siblings Eoin Kelly and Paul Frost on trombone and bass trombone respectively.

Also an accomplished guitarist and singer, Paul Frost will sing some well known jazz and funk tunes as gaeilge adding a unique twist to a gig to what is sure to be an action packed start to the jazz weekend.

The club, upstairs at The Roundy, opens at 8.30pm and entry is €5 or €3 for student. For more info see www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge

-----------------------------------------

Beidh snagbhanna nua, Crossbones le chloisint den chéad uair ag Féile Snagcheoil Chorcaí Guinness ar an nDéardaoin 22ú Dheireadh Fómhair ag Club-Daon Phoblacht (Peoples Republic) - an t-aon áit sa Mhumhain ina ndeintear freastail faoi leith ar chainteoiri Gaeilge, bíodh siad líofa nó ina fhoghluimeoirí.

Siad Eoghan Kelly agus Paul Frost croílár an bhanna, beirt cheoltóirí ghairmiúla agus taithí fada agus cáil dá réir orthu de bharr a bhfoirfeachta ar an dtrombón teanóir agus an dordthrombóin.

Mír ar leithligh ar chlár na hoíche ná leaganacha úrnua de na claisicí snag is gormacha agus Paul á gcanadh ina niomláine trí Ghaeilge. Bí ar an airdeall don sonach coibhéiseach nuair a chasfaidh James Brown agus Sean Nós ar a chéile.

Cuirfidh an grúpa clár spreagúil, ilchineálach i láthair, comhdhéanta de ceol nua is cóiríocht nua atá suas chun dáta a chuireann san áireamh stíleanna snagcheoil comhaimseartha is claisiceach.

Le deich mbliana anuas bhí Kelly agus Frost ag déanamh ceoil ar bhonn proifisiúnta ar fud Éireann, an UK agus na hEorpa leis an iliomad ceoltóirí agus grúpaí. Táid ag filleadh ar Chorcaigh anois le haghaidh seoladh an togra seo. An chéad grúpa dá leithéid in Éirinn, sin a mhaíonn Crossbones faoin gcomhcheangail seo idir thrombóin teanóir agus an dordthrombóin agus iad i dtiúin le banna nua snagcheoil.

Is liosta le háireamh iad na daoine éagsúla lenar dhein Eoghan agus Paul ceol leo ar bhonn aonraic, leithéidí Phil Woods, Curtis Fuller, Bobby Shew, Jiggs Whigam, Benny Golson, Buddy Greco, Sir John Dankworth, Cleo Laine, Rufus Reid, Michael Buckley, Tim Garland, Mark Nightingale, The Bobby Lamb Big Band, Syd Lawrence Orchestra, Glenn Miller UK Big Band agus an Back To Basie Big Band. Tá ceol déanta acu freisin i mórán seóanna ins an West End, le ceolfhoirne idirnáisiúnta agus le grúpaí eile pop is raccheoil.

Beidh scothceoltóirí rithime na Mumhan á dtionlacan:

Phill Collins- Pianó
a rugadh in Aberdaugleddau, Cymru agus atá ina chónaí i bPort Láirge anois. An-mheas air ansin, is pianadóir agus cumadóir é Phill; is stiurthóir é freisin ar an Opus Pocus Big Band i bPort Láirge agus ar an Phill Collins Trio.

Rory Dempsey-Dord:
An dordseinnteoir is fearr riamh ó Luimneach, ag seinm anois i Londain.
Bhain tráth le The Shades agus Cartoon; tá sé le Freezer Room agus The Bones of Cork faoi láthair.
Sholáthraigh línte dord do mhórán cnag.

Steve Kelly-Drums
Tá taithí cheoil ag an drumadóir Steve Kelly le ceoltóirí móra na hÉireann, daoine, i measc mórán eile, mar Jack L, Gavin Friday, Duke Special, Declan O Rourke, Sharon Shannon, The Chieftans, Richie Buckley, Ute Lemper, agus Sir James Galway.

Oíche shóisialta do dhaoine le spéis sa Ghaeilge agus fonn orthu i a labhairt iseadh Club Daon-Phoblacht. Bíonn teacht le chéile ag an gClub ar Déardaoin deireannach na míosa ins an Roundy, Sráid an Chaisleáin i gCorcaigh. Bíonn fáilte roimh chách, cuma líofa nó lag do chuid Gaeilge.
Eolas: www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilgegaeilge@peoplesrepublicofcork.com

 
 
ok