Tá áthas ar Ghailearaí Crawford Chorcaí turas nua ar an ngailearaí a fhógairt, lena n-áirítear ár dtaispeántas nua RADHARC: Dearcthaí i bPrionta atá á chur i láthair trí Ghaeilge. Taispeántas é atá bunaithe ar ár mbailiúchán cuimsitheach clóite, a chuirtear i láthair trí chomharthaíocht dhátheangach (Gaeilge/Béarla) agus a chuireann trasghearradh priontaí ón gcéad seo caite ar taispeáint. Beidh an turas saor in aisce do chách agus mairfidh sé thart ar 45 nóiméad. Is Céimí de Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh é Billy Lingwood le BA Onóracha. Tá speisialtóireacht ag Billy i ndéanamh priontaí, rud a ligeann dó léargas uathúil a thabhairt ar an turas seo ar ár dtaispeántas clóite.
Tá an pointe cruinnithe don turas seo sna Gailearaithe Dealbhóireachta. Beidh an turas seo ar siúl ag 2:30 i.n. agus mairfidh sé thart ar 45 nóiméad.
Crawford Art Gallery is delighted to announce a new tour of the gallery including our new exhibition RADHARC: Perspectives in Print presented through Irish. Drawn from our extensive print collection, this exhibition is mediated through bilingual (Gaeilge/English)
Show more..